Misean

Tá an leathanach seo ar fáil sna teangacha seo a leanas freisin

Is é an misean atá againn cabhrú le tíortha idirlinne agus le tíortha i mbéal forbartha trí úsáid a bhaint as an bhféidearthacht i ndáil lena gcaipiteal daonna trí leasú a chur i bhfeidhm ar a gcórais oideachais, oiliúna agus mhargadh saothair, sa chomhthéacs de bheartais chaidrimh eachtraigh AE.

Cuirimid tacaíocht ar fáil do 28 tír thart ar an AE maidir lena gcórais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a fheabhsú, anailís a dhéanamh ar a gcuid riachtanas scileanna, agus a margaí saothair a fhorbairt. Ar an mbealach sin, cabhraímid leo comhtháthú sóisialta a fheabhsú agus fás eacnamaíoch níos inbhuanaithe a bhaint amach, a mbaineann na Ballstáit agus na saoránaigh iontu leas as trí chaidreamh eacnamaíoch a fheabhsú.

Bímid ag comhoibriú ar bhonn tíroiriúnaithe agus ilnáisiúnta, agus creata á dtógáil i ndáil le leanúnachas i mbeartas agus chun dearadh agus cur i bhfeidhm de bheartas bunaithe ar fhianaise a chur chun cinn. Oibrímid go minic i gcomhthéacsanna éiginnte agus corruair i gcomhthéacsanna míshocair. Ach, táimid ar cheann de líon beag gníomhaireachtaí ar iarrann rialtais leantacha orthu, rialtais a bhfuil tosaíochtaí beartais athraitheacha acu, mar gheall ar an gcáil atá orainn maidir le hobair neamhspleách agus ardchaighdeáin agus rannpháirtíocht dhearfach.

Cuimsíonn ár ngníomhaíochtaí le tíortha comhpháirtíochta raon de réimsí bainteacha:

  • Anailís a dhéanamh ar riachtanais scileanna agus fostaíochta
  • Rialachas córais, lena n-áirítear rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara
  • Idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht san earnáil phríobháideach
  • Córais cháilíochta agus dearbhú cáilíochta
  • Foghlaim bunaithe ar an obair
  • Oiliúint do mhúinteoirí
  • Foghlaim fhiontraíochta agus croí-inniúlachtaí, agus
  • Treoir ghairme.

Sula gcuirimid tús le hobair i dtír ar bith, déanaimid anailís mhionsonraithe ar bheartais chaipitil daonna AE, ar luachanna sóisialta agus ar thosaíochtaí seachtracha, agus déanaimid é sin a nascadh le riachtanais na tíre comhpháirtíochta agus le hiarrachtaí forbartha mar chuid de chúnamh foriomlán na tíre sa réimse de chaipiteal daonna.

Comhoibreoimid leis na hinstitiúidí Eorpacha, leis an bpobal gnó, le comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí sochaí sibhialta eile ar an leibhéal AE. Tacaímid leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí ina gcláreagrú, ionas go ndírítear cúnamh AE go cruinn agus go gcomhlíontar leis na cumais agus na tosaíochtaí tíre. Oibrímid go dlúth le Eurofound agus le Cedefop d’fhonn a áirithiú go ndéantar anailís agus dea-chleachtas ó Bhallstáit AE a chomhroinnt níos faide ná an tAontas Eorpach, agus go n-úsáidtear iad chun tacú le leasú i dtíortha comhpháirtíochta.

Oibrímid freisin le raon páirtithe leasmhara idirnáisiúnta, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus le deontóirí. Tá sé seo mar chuid den chreat Chomhdhearcadh na hEorpa um Fhorbairt agus den ghné chaipitil daonna i gClár Oibre Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, a shainaithníonn dhá sprioc ar leith ar oideachas agus ar fhostaíocht do na tíortha comhpháirtíochta uile, agus a chuireann chun tosaigh straitéis agus gníomhaíochtaí an Ghrúpa Idir-Ghníomhaireachta ar oiliúint agus oideachas teicneolaíochta agus gairme, ina bhfuil páirt ghníomhach againn.

Bunaíodh an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna le Rialachán Uimh. 1360 ón gComhairle i 1990, athmhúnlaithe mar Uimh. 1339 in 2008. Sonraítear sa rialachán athmhúnlaithe ról an Fhorais maidir le cur le forbairt chaipitil dhaonna sa chomhthéacs de bheartais chaidrimh eachtraigh AE. Sa chomhthéacs seo, sainmhínítear forbairt chaipitil dhaonna mar obair a chuireann le forbairt ar feadh an tsaoil a dhéanamh ar scileanna agus inniúlachtaí an duine aonair trí fheabhas a chur ar chórais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna.