Thumbnail

Maidir linn

Tá an leathanach seo ar fáil sna teangacha seo a leanas freisin

Is í an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna an ghníomhaireacht AE a thacaíonn le tíortha thart ar an Aontas Eorpach leasú a chur i bhfeidhm ar a gcóras oideachais, oiliúna agus mhargadh saothair. Tá ár ról uathúil bunaithe ar shaineolas ár bhfoirne, agus ar thaithí a fuarthas thar beagnach 30 bliain ag obair i gcomhar le rialtais, le gnó agus le comhpháirtithe sóisialta i dtíortha i gcomharsanacht an AE agus timpeall air. Is í an aidhm atá againn ná tacú leis an bpróiseas i ngach tír, maidir le leasú a chur i bhfeidhm ar oideachas, oiliúint agus an margadh saothair, trí raon de mhodheolaíochtaí bunaithe ar fhianaise a úsáid. Tá foireann de 130 duine againn, faoi stiúir an Stiúrthóra Pilvi Torsti, agus tá buiséad de thart ar EUR 20 milliún againn. Táimid lonnaithe i Villa Gualino, in Turin, an Iodáil, atá mar bhaile dúinn ó bunaíodh an Fhondúireacht i 1994.